An Óige agus an Athbheochan

Údar
Ríona Nic Congáil
Sraith
Monagraif Thaighde
ISBN 978-1-9196013-5-9
Clúdach Crua
Líon leathanach xxxvi + 252
Dáta foilsithe 08 Meán Fómhair 2022
Praghas €25.00

Is é An Óige agus an Athbheochan an chéad mhonagraf a dhíríonn ar an gcaidreamh idir an óige agus stair na Gaeilge. I rith thréimhse na hAthbheochana tháinig daoine fásta ar an tuiscint go raibh slánú na Gaeilge ag brath ar an aos óg, agus thapaigh siad an deis an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga. Cuireadh cumainn drámaíochta agus spóirt ar bun; foilsíodh colúin i nuachtáin agus litríocht don aos óg; tháinig feiseanna ar an bhfód agus cuireadh tús leis an nós an t-aos óg a sheoladh chuig coláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Ba mhór an bhearna idir eispéireas an aosa óig sna ceantair uirbeacha agus sna ceantair Ghaeltachta, áfach, agus tugtar léargas úr sa leabhar seo ar an gcaoi a ndeachaigh gluaiseacht na hAthbheochana i bhfeidhm orthu araon. Déanann an leabhar seo mionscrúdú ar iarrachtaí lucht na hAthbheochana chun an t-aos óg a earcú agus a chur ag obair ar son na Gaeilge.

Bronnadh na duaiseanna seo a leanas ar an saothar seo:

- Duais Leabhar Taighde na Bliana ACIS 2022

- Comórtas Liteartha an Oireachtais 2021

Údar

  • Ríona Nic Congáil

    Ríona Nic Congáil

    Is Ollamh Comhlach í Ríona Nic Congáil i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh & an Bhéaloidis, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá cuid mhór aistí agus leabhar foilsithe aici ar ghnéithe de stair na mban agus de stair na hóige. Bronnadh gradaim éagsúla ar a cuid scríbhneoireachta thar na blianta. Ba é Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (2010) an chéad mhonagraf óna peann. 

Bí ar an eolas

Cláraigh lenár liosta seachadta

Rphost: clo@comhar.ie
Teil: +353 (0)1 675 1922

47 Sráid Harrington
Baile Átha Cliath 8
Éire

© Cló Léann na Gaeilge 2024

COMHAR Foras na Gaeilge