Seoladh Léann na Sionainne

An Dr Gordon Ó Riain, Ollscoil Luimnigh

13 Nollaig 2023

Seoladh an tríú leabhar sa tsraith 'Aistí Léannta', Léann na Sionainne i mí na Samhna 2023

Sheol an tOllamh Pádraig Ó Macháin an tríú leabhar sa tsraith 'Aistí Léannta', Léann na Sionainne i mí na Samhna 2023 - i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ag an gcomhdháil foclóireachta 'An Béal Beo'.

Sraith aistí atá san imleabhar seo a chuimsíonn réimsí ilghnéitheacha de Léann na Gaeilge ó ré na Nua-Ghaeilge Moiche anuas go dtí an lá atá inniu ann. I measc na n-ábhar a ndéantar plé orthu, tá an béaloideas, ceisteanna inscne, téacsanna leighis, filíocht na scol, an Fhiannaíocht, an t-amhrán liteartha san 18ú haois, filíocht na mban, an eagarthóireacht théacsúil, Oireachtas na Gaeilge agus an fhonnadóireacht, dánta Sheáin Uí Ríordáin agus ceisteanna fealsúnachta a bhaineann leo, agus sealbhú na Gaeilge in Éirinn agus in Albain.

Bí ar an eolas

Cláraigh lenár liosta seachadta

Rphost: clo@comhar.ie
Teil: +353 (0)1 675 1922

47 Sráid Harrington
Baile Átha Cliath 8
Éire

© Cló Léann na Gaeilge 2024

COMHAR Foras na Gaeilge